top of page
SOFFE Dom harmomium bealach copy_edited_

Maidir le Doimnic

Is amhránaí, cumadóir, múinteoir agus taighdeoir amhránaíochta sean-nóis é Doimnic Mac Giolla Bhríde, agus il-uirliseoir cumasach. Cainteoir dúchais Gaeilge as Gaeltacht Dhún na nGall, thosaigh sé ag canadh ag aois óg, agus tá gairm bheatha ardcháilíochta bainte amach aige. In 2009 sciob sé leis Corn Uí Riada, an corn is cliútigh sa tír do shean-nós. Fríd na mblianta cheol sé ag mórán féilte agus ionaid ar fud na hÉireann agus an Bhreatain, m.sh:

An Ceoláras Náisiúnta, Féile Ealaíon Dhún Laoighre, Féile Ealaíne an Chabháin, Féile Ealaíon Chill Chainnigh, Féile Amhrán Bhéal Feirste An Droichead, Féile Imbolc, Doire, Féile an Phobaill, Béal Feirste, Ionad an Titanic, Béal Feirste, Féile Ealaíona an Earagail, Áras Éanna, Inis Óirr, Ionad Seamus Ennis, Amharclann Mitchell, Glaschú, Celtic Connections, Glaschú, Machynleth Music Festival, An Bhreatain Bheag.

Go hidirnáisiúnta, rinne sé camchuairt ar Stáit Aontaithe Mheiriceá deich n-uaire, ag seinm ag féilte (Féile Éireannach Catskills, Féile Idirnáisiúnta an Ghlóra Phoenicia m.sh.) agus ceolchoirmeacha tí. Rinne sé camchuairt fosta ar Cheanada, An Fhrainc (Féile Idircheilteach, Lorient), Ann Fhionlainn (Féile Éireannach Oulu), An Ostair, agus i dtír na mBascach leis an ceoltóir Albanach Griogair Labhraidh.

Seinneann Doimnic na píobaí uilleann, an bosca ceoil, an pianó agus an armóin chomh maith agus cuireann sé cóiriú uathúil ar a chuid amhránaíochta. Tá cúig dhlúthdhiosca eisithe aige, an ceann is déanaí, Sona do Cheird, albam na bliana NÓS buaite aige in 2016 as a chuid cumadóireachta séiseacha d’fhilíocht ársa na nGael. I measc na ndlúthdhioscaí eile atá aige tá Guaillimh a’ Chéile – i gcomhar leis an amhránaí Gaelach Albanach Griogar Labraidh, Siansa – CD le Cór Thaobh a' Leithid,  Smúidghealach – CD d’amhráin ar an sean-nós cóirithe do thionlacan an cúig-téadach agus Saol na Suáilce – dlúthdhiosca traidisiúnta ar an tsean-nós.

Leis an taighde atá déanta aige ar an tsean-nós agus an paisean atá aige don cheol, chuir sé le chéile leabhar a thugann léargas úrnua dúinn ar bhunús na hamhránaíochta Gaelaí agus ar an chláirseach ársa Ghaelach.

Stiúrthóir Cóir

Tá sé ina stiúrthóir fosta ar dhá chór Ghaelacha i mBéal Feirste (Cór Loch Lao) agus i nGaoth Dobhair (Cór Thaobh a’ Leithid) agus fríd na mblianta tugadh cuireadh faighte acu ceol ag mórán ócáidí mór le rá ar nós cheiliúradh Lá Fhéile Pádraig sa Cheoláras Náisiúnta (i gcomhoibriú le Dónal Lunny), Áras an Uachtaráin in 2009, clár teilifíse TG4 XX le Liam Ó Maoláin, clár teilifíse ar TG4 2016 le Liam Ó Maolú agus clár ceol ar BBC "Ceiliúradh" (2017). D’oibrigh sé fosta ar chóiriúchan ceoil le Zoe Conway, Julie Fowlis agus an cór ag Scoil Gheimridh Ghaoth Dobhair, 2019.

Comhoibrithe

Bhí sé páirteach sa togra "Oran Bagraidh" - tionscadal a thug le chéile ceoltóirí Éireannacha, Breatnacha agus Albanacha chun CD a dhéanamh. Rinneadh camchuairt ina dhiaidh sin in Albain (Celtic Connections, Knockengorroch), An Bhreatain Bheag (Cardigan) agus Éirinn (Béal Feirste). Bhí sé páirteach i dtogra eile "Mamiath" - tionscadal a raibh ealaíontóirí Breatnacha, Albanacha agus Éireannacha páirteach ann fosta, agus a fuair maoiniú ó Music Network Ireland/Arts Council Wales (2019).

 

Sa bhliain 2013, roghnaíodh é chun amhráin Jacques Brel a chanadh i nGaeilge le banna gairmiúil mar chuid den fhéile IMRAM. Mar thoradh ar rath an tionscadail, bhí sé le feiceáil ar chlár The Pat Kenny Show agus ar TG4.

 

Sa bhliain 2020 tugadh cuireadh dó páirt a ghlacadh i gcomhoibriú damhsa agus amhránaíochta sa tSeapáin, ar a dtugtar Echoes of Calling.

 

Roghnaíodh é chun ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ag Príomhchathair Chultúir na hEorpa i Leeuwarden, san Ísiltír (2018).

Chum sé ceol do ghearrscannán dar teideal 'The Sea Inside Us', ag obair leis an ealaíontóir Ruth E. Lyons agus Colm Hogan. Aodhan Gavigan agus San Bodwell na ceoltóirí a bhí ina theanta. Déanann an scannán cur síos ar an gcaidreamh daonna leis an bhfarraige trí shalann agus rinneadh an chéad léiriú i mBealtaine 2025.

Leabhair/dlúthdhiosanna do pháistí

Tá trí leabhar amhrán do pháistí curtha le chéile aige, Ící Pící (2010), Polcaphonc (2019) agus Preab sa Cheol (2023) chun amhráin ábhartha a beith ag páistí an lae innu le ceol. Ba é Preab sa Cheol an chéad preableabhar ariamh a rinneadh i nGaeilge. 

 

Ceol ar teilifís

TG4 - Oíche Chinn Bhliana 2018, Geantraí, Buaitóiri Chorn Ui Riada, Sean-nós le Síle Denvir

BBC - Blas Ceoil, Ceol Aduaidh, Trad ar Fad

Ar raidió

BBC Raidió Uladh - Folk Club, The John Toal Show, Talkback

RTÉ - Pat Kenny Show, Sunday Miscellany. ​

Teagasc

Múinteoir agus oideachasóir a bhfuil tóir air is ea Doimnic. Bíonn ceardlainn go minic aige le Cairde Ui Neill, Tír Eoghain, Cultúrlann Bhéal Feirste, Cumann Culturtha Mhic Reachtain, Béal Feirste and An Crannóg, Gaoth Dobhair. I ndiaidh a thurais rathúil go dtí an tSeapáin tugann sé ceardlanna seachtainiúla sean-nóis do CCÉ Toyko, ar zúm. Tá máistir-ranganna tugtha ag Doimnic fosta ag:

  • Teach Glucksmann Ireland, Ollscoil Nua Eabhrac.

  • Dámh an Léinn Éireannaigh, Ollscoil Montana Léann Ceilteach.

  • Ollscoil Madison, Milwaukee.

  • Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.

  • Conradh na Gailge, Glaschú.

  • Na Píobairí Uilleann, Baile Átha Cliath.

Dhéanann sé ceadlainn bhliantúil ag:

  • Scoil Samhraidh Mhic Reachtain, Béal Feirste

  • Scoil Samhraidh Shligigh Theas

  • Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy (roimh 2015)

  • Gaelturas, Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall.

Oideachas BMus Onóracha (Den chéad grád), Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath. (Tráchtas ar An Píobaire Mór).

MA i dTaibhiú Ceoil, Ionad Ceoil Dhomhanda na hÉireann, Ollscoil Luimnigh. (Tráchtas ar mhodhanna sa cheol Gaelach).

© 2025 le Doimnic Mac Giolla Bhríde. Gach ceart ar cosaint.

bottom of page